Leabhar do Phaistí

Sep 06 2013 41
Leabhar do Phaistí Podcast artwork

Tá Raidió na Life ag déanamh taifeadtaí de leabhair choitianta do pháistí agus á gcur ar fáil mar phodchraoltaí ionas go gcábhródh siad lenár n-éisteoirí óga agus iad ag léamh na scéalta is fearr atá ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge. Gach seachtain beidh taifeadeadh nua ar fáil leis na sonraí atá uait chun teacht ar do chóip féin de na leabhair atá á léamh againn. Éist leis an taifeadadh a fhad is atá an leabhar á léamh agat, beart a chuirfidh go mór leis an sásamh agus a chabhróidh freisin leis an bhfoghlaim. Beidh na podchraoltaí seo ar fáil do mhúinteoirí agus scoláirí i gcoitinne le cabhair agus cead ó na comhlachtaí foilsiúchaín a shaothraíonn go tréan chun leabhair do pháistí i nGaeilge a chur chun cinn.